search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA cercato: '   ní' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index    ní:


whereas    ní:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 523

 

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.

2.   Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.

3.   ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

4.   ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó

(b)

nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:

(a)

díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus

(b)

ainmhithe beo.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.

6.   ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

7.   ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.

Airteagal 7

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta a shonraítear sa chonradh, maidir leis na hearraí:

(a)

beidh siad oiriúnach do na críocha is gnách a mbainfí úsáid as earraí den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, aon dlí an Aontais agus aon dlí náisiúnta atá ann cheana, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

i gcás inarb iomchuí, beidh an cháilíocht sna hearraí atá sa sampla nó sa tsamhail sin agus freagróidh siad don tuairisc ar an sampla nó ar an tsamhail sin, ar sampla nó samhail é nó í a chur an díoltóir ar fáil don tomhaltóir sular tugadh an conradh i gcrích;

(c)

i gcás inarb iomchuí, beidh siad á seachadadh i dteannta na ngabhálas sin, lena n-áirítear pacáistiú, treoracha suiteála nó treoracha eile, ar treoracha iad a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.

2.   ní bheidh an díoltóir faoi cheangal ag ráitis phoiblí, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má léiríonn an díoltóir an méid seo a leanas:

(a)

nach raibh an díoltóir ar an eolas faoin ráiteas a bhí i gceist ná nach bhféadfadh sé, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(b)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna, nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(c)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas ar an gcinneadh na hearraí a cheannach.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, déanfaidh an díoltóir a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, ar nuashonruithe iad is gá chun na hearraí den chineál sin a choinneáil i gcomhréireacht, ar feadh na tréimhse ama:

(a)

go bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do chineál agus cuspóir na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hoibríocht aonair soláthair i dtaca leis an ábhar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach; nó

(b)

a léirítear in Airteagal 10(2) nó in Airteagal (5), de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh díolacháin do sholáthar leanúnach maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama.

4.   I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir nuashonraithe a soláthraíodh i gcomhréir le mír 3 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an díoltóir faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an díoltóir an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain an tomhaltóra maidir leis an suiteáil nó maidir le suiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a soláthraíodh don tomhaltóir.

5.   ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 3 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach go raibh tréith ar leith de na hearraí ag imeacht ón gcuspóir maidir leis na ceanglais chomhréireachta a leagtar síos i mír 1 nó i mír 3 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh díolacháin á thabhairt i gcrích.

Airteagal 13

Leigheasanna ar easpa comhréireachta

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:

(a)

an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann;

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta; agus

(c)

an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

3.   Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachta dá mbeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(b)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta;

(c)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó

(d)

tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

5.   ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

6.   Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a rialú cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.

Airteagal 14

Na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar

1.   Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:

(a)

saor in aisce;

(b)

laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta; agus

(c)

gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.

2.   I gcás ina bhfuil an easpa comhréireachta le leigheas trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar, déanfaidh an tomhaltóir na hearraí a chur ar fáil don díoltóir. Déanfaidh an díoltóir na hearraí arna n-athsholáthar a thabhairt ar ais ar chostas an díoltóra féin.

3.   I gcás ina gceanglaítear le deisiú go mbainfear earraí a bhí suiteáilte ar bhealach a bhí comhsheasmhach le cineál agus críoch na n-earraí, sular léir an easpa comhréireachta, nó i gcás ina bhfuil na hearraí sin le hathsholáthar, áireofar leis an oibleagáid na hearraí arna n-athsholáthar a thógáil ar ais go mbainfear na hearraí neamh-chomhréireacha agus go ndéanfar na hearraí athsholáthair nó na hearraí deisithe a shuiteáil, nó go seasfar na costais a bhaineann leis sin.

4.   ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas íoc as aon ghnáthúsáid a bhaintear as na hearraí athsholáthraithe le linn na tréimhse roimh an athsholáthar.

Airteagal 17

Ráthaíochtaí tráchtála

1.   Beidh aon ráthaíocht tráchtála ina ceangal ar an ráthóir faoi na coinníollacha a leagtar síos sa ráiteas um ráthaíocht trachtála agus fógraíocht ghaolmhar tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin. Faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus gan dochar d’aon fhorálacha is infheidhme de chuid dhlí an Aontais nó de dhlí náisiúnta, i gcás ina dtáirgeann táirgeoir ráthaíocht tráchtála um marthanacht don tomhaltóir le haghaidh earraí áirithe ar feadh tréimhse áirithe ama, beidh an táirgeoir faoi dhliteanais go díreach ag an tomhaltóir, le linn na tréimhse ar fad den ráthaíocht tráchtála um marthanacht maidir le hearraí a dheisiú agus a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh an táirgeoir coinníollacha níos fabhraí a thairiscint don tomhaltóir sa ráiteas ráthaíochta tráchtála um marthanacht.

Má tá buntáiste níos lú le baint ag an tomhaltóir as an ráiteas ráthaíochta tráchtála, ná mar atá le baint as na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht ghaolmhar, beidh an ráthaíocht tráchtála ina ceangal faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht a bhaineann leis an ráthaíocht tráchtála, mura ndearnadh an ráiteas a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é, sular dtabharfar an conradh chun críche.

2.   Cuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir ar mheán marthanach ar a dhéanaí tráth a seachadtar na hearraí. Sloinnfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála i dteanga shoiléir shothuigthe. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis:

(a)

ráiteas soiléir go mbeidh an tomhaltóir i dteideal de réir an dlí na leigheasanna ón díoltóir i gcás easpa comhréireachta maidir leis na hearraí agus nach mbeidh tionchar ag na leigheasanna sin ar an ráthaíocht tráchtála;

(b)

ainm agus seoladh an ráthóra;

(c)

an nós imeacht atá le leanúint ag an tomhaltóir chun cur chun feidhme na ráthaíochta tráchtála a fháil;

(d)

ainmniú na n-earraí a bhfuil feidhm ag an ráthaíocht tráchtála ina leith; agus

(e)

téarmaí na ráthaíochta tráchtála.

3.   ní dhéanfaidh neamh-chomhlíonadh mhír 2 difear do chineál ceangailteach na ráthaíochta tráchtála don ráthóir.

4.   Féadfaidh Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe eile a bhaineann le ráthaíochtaí trachtála nach rialaítear leis an Airteagal seo lena n-áirítear rialacha maidir leis an teanga nó na teangacha ina gcuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir.

Airteagal 21

Cineál éigeantach

1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo, aon chomhaontú conarthach lena ndéantar, chun aimhleasa an tomhaltóra, cur i bhfeidhm beart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a eisiamh nó a n-éifeachtaí a mhaolú nó na héifeachtaí sin a athrú, sula gcuireann an tomhaltóir an neamh-chomhréireacht ar a shúile don díoltóir, ní bheidh sé ceangailteach ar an tomhaltóir.

2.   ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar an díoltóir socruithe conarthacha a théann thar an gcosaint dá bhforáiltear sa Treoir seo a thairiscint don tomhaltóir.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm maidir ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2.   ní bheidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le conarthaí arna gcur i gcrích roimh 1 Eanáir 2022.


whereas









keyboard_arrow_down